Chuaigh sé go Camden Town i Londain sa bhliain 1947. Chuaigh sé anonn le bean a bhí abhus sa bhaile ar laetha saoire. Bhí obair chrua ann, ag baint obair fear as páistí. Fuair sé obair ag an “Chouncil” ag spréadh salainn ar na bealaí móra ar phunta sa lá. Bhí droch bhliain siocáin agus sneachta ann. Thosaigh sé ag obair le conraitheoir Miller agus ba 11 punta sa tseachtain a phá. Bhí sé ag obair ar thógáil óstáin an Cumberland Hotel in Hyde Park. Chaith sé blianta ag obair le conraitheoir; Sullivan as Co. Chiarraí. Bhí Joe ina mhaor ar feadh cúpla bliain faoi Sullivan. Bhí sé san Isle of Wight ag tógáil príosúin, Albany prison. Bhí Joe ina mhaor ar an jab sin, ag “gaffaracht”. | 00:15:32 | |